Sheol Comhairle Contae Lú #StairLú, feachtas nua Gaeilge ina ndéantar ceiliúradh ar scéalta, béaloideas, cultúr agus muintir shaibhir Chontae Lú.
Ag rith ar shuíomh gréasáin agus ar chainéil meán sóisialta na Comhairle roimh Lá Fhéile Pádraig, leagtar béim sa bhfeachtas ar an oidhreacht ar leith a mhúnlaíonn an contae is lú in Éirinn.
Sna seachtainí amach romhainn, léireoidh #StairLú cuid de na gnéithe is sainiúla agus ‑is lú aithne de thírdhreach cultúrtha Lú, lena n-áirítear múrmhaisithe bríomhara an chontae, Gaeltacht dhearmadta Lú, agus an ghluaiseacht Pop‑Up Gaeltachta atá ag dul i méid.
Beidh agallaimh sa bhfeachtas freisin, a dhéanfar as Gaeilge le staraithe áitiúla agus le comhaltaí tofa, mar aon le hábhar speisialta chun Seachtain na Gaeilge agus ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig i Lú a chomóradh.
Dúirt an Comhairleoir Seán Kelly, Cathaoirleach Chomhairle Contae Lú:
“Tá an Ghaeilge i gcroílár stair agus féiniúlacht Lú. Is nasc beo í lenár scéalta, lenár n-oidhreacht agus lenár dtuiscint ar áit. Is linne uile í, cibé acu a labhraímid gach lá í nó atáimid díreach ag tosú ar í a fhiosrú. Agus muid ag druidim lenár lá náisiúnta, níl tráth níos fearr ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn, í a úsáid, taitneamh a bhaint aisti agus ceiliúradh a dhéanamh uirthi go bródúil.”
Dúirt Susan Deery, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Contae Lú:
“Tá caidreamh domhain buan ag Lú leis an nGaeilge, ó fhréamhacha stairiúla na Gaeltachta go dtí na heagraíochtaí éagsúla a leanann de bheith ag labhairt agus ag ceiliúradh na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Trí #StairLú, tá sé mar aidhm ag an gComhairle an oidhreacht sin a urramú, féiniúlacht chultúrtha an chontae a léiriú, agus a thaispeáint go bhfuil an Ghaeilge fós ina cuid bheo bhríoch de shaol Lú. Táimid bródúil as tacú leis an nGaeilge agus í a chur chun cinn mar chuid dár dtiomantas leanúnach freastal ar ár bpobail go dátheangach.”
Tá sé mar aidhm ag Plean Gníomhaíochta Chomhairle Contae Lú do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026–2028 rochtain ar sheirbhísí trí Ghaeilge a fheabhsú, cumas eagraíochtúil a neartú, agus tuilleadh deiseanna a chruthú don phobal teagmháil a dhéanamh leis an nGaeilge. Tacaíonn tionscnaimh ar nós #StairLú leis na cuspóirí náisiúnta seo agus treisíonn siad tiomantas Chomhairle Contae Lú don Ghaeilge sa saol poiblí ar fud an chontae.
Lean feachtas #StairLú ar shuíomh gréasáin agus ar chainéil meán sóisialta Chomhairle Contae Lú, agus glac páirt i gceiliúradh oidhreacht Ghaeilge ar leith Lú.